5K RUA ‘Parkrun’ fíorúil ar an gCeathrú Rua

Tá cloiste ag go leor daoine faoi ‘parkrun’, 5k rith no siúil a dhéantar i bpáirceanna thart timpeall an domhain gach maidin Shathairn. Tá tús á chur le leagan fíorúil de ar an gCeathrú Rua Dé Sathairn beag seo 8 Lúnasa. Is baill den ghrúpa Reathaithe Rua atá á reáchtáil i gcomhar leis an Oifigeach Pleanála Teanga ar an gCeathrú Rua. Seo mar a labhair Nóirín Uí Fhlatharta, duine den ghrúpa atá á reáchtáil, faoin 5k RUA.

‘Is fada liom páirt a ghlacadh i 5k RUA. Ní duine mé a dhéanann mórán aclaíochta faoi mo stuaim féin, ach nuair a bhraithim mar chuid de chlub nó mar pháirt de fheachtas cuireann sé sodar fúm! Is deis breá é seo don chlann ar fad, siúl nó rith gach Satharn agus nós nua a thosú!’

Dar le Máire-Áine Nic Dhonnacha, duine eile den ghrúpa atá á reáchtáil, is éard atá go maith faoin 5k RUA ná ‘bheith mar chuid de ghrúpa, tá spreagadh agus tacaíocht le fáil as sin. Agus má tá sé uait, tá comórtas freisin ann! Ceapaim gur rud iontach é don cheantar gníomhaíochtaí aclaíochta a chur chun cinn, agus tá sé dírithe ar dhaoine atá ag gach leibhéal aclaíochta.’

Ní gá ach 5k a shiúil nó a rith idir 7 a chlog ar maidin agus 6 tráthnóna Dé Sathairn, taifead a dhéanamh ar uaireadóir GPS nó ar aip (Mapmyrun nó Strava), pictiúr den taifead a chur ar aghaidh agus foilseofar na torthaí an tráthnóna sin. Feicfidh rannpháirtithe ansin an dul chun chinn atá á dhéanamh acu agus iad ag éirigh níos aclaí.

Deir Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga le Pobal Rua, go bhfuil ard spéis á léiriú sa 5k RUA. ‘Tá 33 cláraithe cheana, agus tá sin suntasach, mar nach bhfuil ach seisear páirteach sna parkrun fíorúla i nGaillimh. Is léir go bhfuil daoine sa cheantar seo ag cuardach spriocanna agus dúshláin aclaíochta agus tá muid thar a bheith sásta bheith in ann freastal orthu. Cruthaíonn sé comhluadar fíorúil freisin, rud a theastaíonn agus srianta sóisialta orainn uile. ’

Is féidir clárú saor in aisce ag https://forms.gle/eGFFjTuNq6X2CcE29 no tríd teachtaireacht a chur chuig pobalrua@gmail.com.