Category Archives: Nuacht / News
Nuacht / News
Oscailt Oifigiúil an deireadh seachtaine seo sa gCrompán & Trá an Dóilin ag Eachtraíochta Scúba an Atlantaigh.Cuireann siad seirbhísí & Cúrsaí Mótarbhád, Tumadóireacht, Snorcláil, agus go leor eile ar fáil.
Dúshlán an tSamhraidh! Má’s mian leat páirt a ghlacadh sa nDúshlán fíorúil seo, agus mura bhfuil tú mar bhall de Reathaithe Rua cheana, cuir whatsapp chuig 087 9118358!
Ranganna Gaeilge ag tosú arís Déardaoin seo chugainn 19 Bealtaine, cláraigh anseo! https://forms.gle/oQhHDqpBD5kARyew6Irish language classes starting again next Thursday 19 May, register here https://forms.gle/oQhHDqpBD5kARyew6
Tá an t-éilimh ar fhuil sna hospidéil an-ard ach an soláthair an-íseal. Teastaíonn deontóirí fola go práinneach. Beidh clinic ar siúl sa gCrompán, Comharchumann Mhic Dara ar an Domhnach an 15ú Bealtaine ón 12-3.30. Cuir glaoch ar 1800222111 chun coinne a shocrú. Míle Buíochas IBTS
Ba mhaith le CLG An Cheathrú Rua fáilte mhór a chuir roimh muintir na hÚcráine atá tagtha isteach sa bpobal le déanaí. Comhartha beag chun fáilte a chur rompu nuair a thug Coiste Peil na nÓg seachadadh uibheacha Cásca chucu i rith na seachtaine. Beidh an cumann ag eagrú seisiun traenála agus cur i láthair […]