CLG An Cheathrú Rua

A chairde, Tá comórtas na Cásca – Do Chumann/Do Cheantar thart go hoifigiúil agus líon mór pictiúir agus griangrafanna iontacha seolta isteach chugainn i rith na seachtaine. Nár laga Dia sibh ar fad agus is léir go bhfuil feith na healaíona, griangrafadóireachta agus grá mór agaibh dá gceantair éagsúla! Bhí sé ina oíche go maidin ag na moltóirí ag iarraidh buaiteoirí a phiocadh ach theip sé orthu iad a scarúint óna chéile mar go raibh an caighdeán chomh hard sin ag chuile dhuine. Dá bhrí sin tá ubh Cásca ar an mbealach maidin inniu chuig chuile ghasúr a sheol pictiúr nó griangraf chugainn. Bainígí sult astu agus ár mbuíochas leis an bpainéal sinsir/sóisear A a rinne urraíochta ar na huibheacha!!! Bíodh Cáisc iontach agaibh ar fad agus tugaigí aire dá chéile!!! CLG AN CHEATHRÚ RUA