CLG An Cheathrú Rua: Fáilte roimh muintir na hÚcráine

Ba mhaith le CLG An Cheathrú Rua fáilte mhór a chuir roimh muintir na hÚcráine atá tagtha isteach sa bpobal le déanaí. Comhartha beag chun fáilte a chur rompu nuair a thug Coiste Peil na nÓg seachadadh uibheacha Cásca chucu i rith na seachtaine. Beidh an cumann ag eagrú seisiun traenála agus cur i láthair beag maidir le na cluichí gaelacha ar maidin Dé Sathairn ag 11.30 chomh maith chun fáilte a chur rompu. Bheadh sé iontach grúpa mór imreoirí óga a bheith thíos le dathanna an chumainn chun taispeántas peile a chuir ar fáil agus fáilte a chuir rompu. Nár laga Dia sibh ar fad! CLG An Cheathrú Rua