CLG An Cheathrú Rua

Faraor de bharr na srianta Covid 19, ní bheidh muid in ann theacht le chéile mar phobal mar is gnáth chun comóradh a dhéanamh ar ár gcara Thomas Nelly Mac Donnacha agus an siúlóid bhliantúil ina chuimhne a dhéanamh in éineacht mar phobal idir sean agus óg. Don bhlian seo más mian le daoine 5km a shiúil leo féin ina gceantar féin ar an Domhnach beag seo 7ú Feabhra agus pictiúir a thógáil agus a sheoladh ar Facebook/Instagram etc bheadh sé iontach. Nár laga Dia sibh ar fad agus tugaigí aire dhaoibh fhéin agus dá chéile!