DÉ – ATLAN RUA 04/04/2021

Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt i Dé-Atlan RUA, bhí 35 páirteach, tús iontach! Mar gheall nach rás a bhí ann seachas dúshlán, tá muid ag dul duais a bhronnadh ar an duine is óige a chríochnaigh é, sé sin Iarfhlaith Ó Mistéil, 14 bliain d’aois; agus ar an duine is sine a chríochnaigh é, sé sin John Darba Ó Flatharta, 77 bliain d’aois. Comhghairdeas leis an mbeirt agaibh! Agus comhghairdeas le Nóirín Uí Fhlatharta agus Máire (Paitín) Ní Chonghaile a rinne an Dé-Atlan Dé Sathairn agus a ndeachaigh amach arís Dé Domhnaigh lena dhéanamh! Má tá fonn ort tabhairt faoin gcéad Dé-Atlan eile a bheidh ar siúl 15/16 Bealtaine, cuir rphost chuig pobalrua@gmail.com agus cuirfear comhairle agus tacaíocht ar fáil! Comharchumann Mhic DaraGaeltacht.ccTriathlon IrelandTuairisc.ieSport TG4Raidió na Gaeltachta (Oifigiúil)Clg An Cheathrú RuaRónán Mac Con IomairePeadar Ó Loideáin