Duaiseanna Paráid Lá Fhéile Pádraig

Bígí ag smaoineamh agus ag cruthú a chairde! Tá Pobal Rua ag cur dhá dhuais luach €250 an cheann ar fáil don bhflóta nó don ngrúpa is fearr a léiríonn Spiorad Pobal Rua, agus don dream is Gaelaí i bParáid Lá Fhéile Pádraig ar an gCeathrú Rua! Fógrófar na buaiteoirí ANSEO tráthnóna 17 Márta.