Oíche Chultúir 17 Meán Fómhair

Dáta don dialann – Oíche Chultúir, 9 i.n. – 10.i.n. Dé hAoine 17 Meán Fómhair. Breathnú ar Na Sondaí agus iad ag sodar tríd an mbaile, ag tosú taobh amuigh de Halla Éinne! Siúlóid cheolmhar, le baill den phobal ag sodar agus iad ag caitheamh éadaí praiticiúla lonracha, agus iad athraithe go halltáin agus púcaí!

Spreagtha ag an Chaidhneach agus cumtha ag Ríonach Ní Néill/Ciotóg, le tionlacann ceoil ó Bhecky Ní hÉallaithe.