Comórtas Glór na nGael

Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Ghlór na nGael an tseachtain seo agus na trí choiste is mó marcanna anois san iomaíocht don phríomhdhuais a fhógrófar an mhí seo chugainn

Tá suas le €80,000 le bronnadh ar choistí pobail Gaeilge ar fud na tíre agus buaiteoirí Chomórtas Ghlór na nGael fógartha. 

Tá trí choiste – Coiste Forbartha Charn Tóchair i nDoire, Ionad Naomh Pádraig, Dobhar i dTír Chonaill agus Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua i gConamara anois san iomaíocht don phríomhdhuais €15,000 agus na marcanna is airde i gcomórtas 2021 faighte acusan.

Chomh maith leis sin d’eirigh linn roinnt duaiseanna eile a bhaint amach sa gcomórtas.