Pictiúir na Seachtaine CLG An Cheathrú Rua

Tosóidh muid pictiúir na seachtaine seo le ceann deas bunscoile a tháinig chugainn le gairid. Is cuimhin linn ar fad an geansaí peile álainn sin a bhí ag Scoil Mhic Dara sa n-ochtóidí. Bheadh comórtas ag Dawn Dairies áit a mbeadh ar scoil líon airíthe ‘tokens’ ó chartán an bhainne a bhailiú agus chuirfí seit nua jersies ar fáil don scoil. Is iomaí cluiche a chonaic na geansaithe céanna sin.