Turas Ealáine & Aeraide

Seo ócáid an-speisialta….seachtain ó amárach, Dé Sathairn 9 Iúil – ag 18:00 cuirfear píosa ealaíne ar snámh i gCuan an Fhir Mhóir,, ansin beidh siúlóid treoraithe ó Chaladh Thadhg go dtí an Dóilín, seolfar píosa eile ealaíne ag Céibh an Dóilín, ansin siúlóid treoraithe eile go Trá an Dóliín, áit a bheidh beárbaiciú ag 21:15 agus muid ag éisteacht le ceol nua chumtha ag Máirtín Breathnach agus Caitríona Ní Chonaola – féasta a bheidh ann, bí ann agus tabhair leat an clann! Gach rud faoi stiúr ag Ríonach Ní Néil.