Tá Reathaithe Rua sa dara áit i gComórtas Reatha na Gaeltachta a chairde, agus níl idir muid féin agus na Múscrateer ach 0.5km, amach linn ar na bóithre!
Author Archives: Comharchumann Mhic Dara
Is iad Máirín Leainde agus Rós Uí Bhraonáin buaiteoirí an chomórtais Tomhais agam Ort, comhghairdeas libh beirt! Cuirfear dearbhán €20 chugaibh go luath!
Buíochas ó chroí leis na mná óga uilig ó Chumann Peile na mBan na Ceathrún Rua a chur an tsraith físeán sin faoi scileanna peile a bhí á thaispeáint againn le coicís anuas le chéile – is Ceannairi na Todhchaí sibh! Más rud é gur chaill éinne aon cheann acu, nó gur mhaith leat breathnú […]
Má tá tú spreagtha ag an dream a rinne Dé-Atlan Rua ag an deireadh seachtaine, is féidir clárú don chéad cheann eile a bheidh againn, Dé-Atlan RUA2 ar an 15/16 Bealtaine! Má tá spéis agat tuilleadh eolais a fháil faoi, beidh cuid againn ag teacht le chéile sa Zúm Dé Máirt 6 Aibreán ag 7:00, […]
Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt i Dé-Atlan RUA, bhí 35 páirteach, tús iontach! Mar gheall nach rás a bhí ann seachas dúshlán, tá muid ag dul duais a bhronnadh ar an duine is óige a chríochnaigh é, sé sin Iarfhlaith Ó Mistéil, 14 bliain d’aois; agus ar an duine is sine a chríochnaigh […]
A chairde, Tá comórtas na Cásca – Do Chumann/Do Cheantar thart go hoifigiúil agus líon mór pictiúir agus griangrafanna iontacha seolta isteach chugainn i rith na seachtaine. Nár laga Dia sibh ar fad agus is léir go bhfuil feith na healaíona, griangrafadóireachta agus grá mór agaibh dá gceantair éagsúla! Bhí sé ina oíche go maidin […]
Is inniu an lá deireannach le clárú don Dé-Atlan RUA, a bheidh ag tarlú Dé Sathairn/Dé Domhnaigh beag seo. Tá 49 cláraithe anois, an bhféadfaí sin a ardú go os cionn 50?? Is féidir clárú anseo https://forms.gle/mUTnR4ehHymyXwuZ7
Nuachtlitir Pobal Rua – ar fáil sna siopaí áitiúla anois, bígí ag léamh faoi ghníomhaíochtaí agus faoi phobal na Ceathrún Rua