Category Archives: Nuacht / News
Nuacht / News
Tá torthaí 3ú Seachtain de Chomórtas Reatha na Gaeltachta fógartha a chairde agus tá Reathaithe Rua fós san iomaíocht agus muid sa tríú áit! Níl ach 1.5km idir muid féin agus ár gcairde Mí Aclaí atá sa gcéad áit, agus tá go dtí meán oíche Dé Luain seo chugainn againn leis an míleáiste a mhéadú, […]
I mbliana, tá Pieta House (agus coiste Darkness into Light, An Cheathrú Rua) ag iarraidh ar dhaoine éirí le breacadh an lae ar 8 Bealtaine 2021 agus píosa siúil, rith nó snámha a dhéanamh ar son “Darkness into Light”. Iarrtar ar dhaoine clóigh le na treoirlínte sláinte poiblí máidir le Coróinvíreas. Tá clárú agus tuilleadh […]
Tá muid ag súil go mór a bheith ar ais ar an bpáirc le peil faoi aois an seachtain seo chugainn. Molaimid dhaoibh na treoirlínte seo a léamh.
Tá Reathaithe Rua sa dara áit i gComórtas Reatha na Gaeltachta a chairde, agus níl idir muid féin agus na Múscrateer ach 0.5km, amach linn ar na bóithre!
Is iad Máirín Leainde agus Rós Uí Bhraonáin buaiteoirí an chomórtais Tomhais agam Ort, comhghairdeas libh beirt! Cuirfear dearbhán €20 chugaibh go luath!
Buíochas ó chroí leis na mná óga uilig ó Chumann Peile na mBan na Ceathrún Rua a chur an tsraith físeán sin faoi scileanna peile a bhí á thaispeáint againn le coicís anuas le chéile – is Ceannairi na Todhchaí sibh! Más rud é gur chaill éinne aon cheann acu, nó gur mhaith leat breathnú […]
Má tá tú spreagtha ag an dream a rinne Dé-Atlan Rua ag an deireadh seachtaine, is féidir clárú don chéad cheann eile a bheidh againn, Dé-Atlan RUA2 ar an 15/16 Bealtaine! Má tá spéis agat tuilleadh eolais a fháil faoi, beidh cuid againn ag teacht le chéile sa Zúm Dé Máirt 6 Aibreán ag 7:00, […]
Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt i Dé-Atlan RUA, bhí 35 páirteach, tús iontach! Mar gheall nach rás a bhí ann seachas dúshlán, tá muid ag dul duais a bhronnadh ar an duine is óige a chríochnaigh é, sé sin Iarfhlaith Ó Mistéil, 14 bliain d’aois; agus ar an duine is sine a chríochnaigh […]
A chairde, Tá comórtas na Cásca – Do Chumann/Do Cheantar thart go hoifigiúil agus líon mór pictiúir agus griangrafanna iontacha seolta isteach chugainn i rith na seachtaine. Nár laga Dia sibh ar fad agus is léir go bhfuil feith na healaíona, griangrafadóireachta agus grá mór agaibh dá gceantair éagsúla! Bhí sé ina oíche go maidin […]