Cladaí na Ceathrún Ruaidh – Ócáid Bailiú Bruscar

Tá an grúpa Cladaí na Ceathrún Ruaidh ag eagrú ócáid chun bruscar a bhailiú ar thrá an Dóilín ar an tSathairn 22/04/23

Beidh muid ag teacht le chéile ag na leithris ag an 1p.m agus súil againn an trá agus soir is siar le cladach a ghlanadh. Beidh málaí curtha ar fáil. Tá roinnt miotóga agus seaicéid sofheicthe againn freisin ach mholfaidh muid cuid a thabhairt libh má tá siad agaibh.

Ba bhreá linn gasúir a fheiceáil ann ag tabhairt lámh chúnta ach caithfidh tuismitheoir/duine fásta a bheith in éineacht le duine ar bith faoi 18 bliain d’aois. Freisin mar gheall ar chúrsaí sábháilteachta b’fhearr linn dá bhfanadh gasúir óga ar an trá agus na cladaí a fhágáil ag daoine fásta le taithí siúl cois cladaigh. Bígí cinnte éadaí agus bróga feiliúnach a chaitheamh.

Tá sé i gceist againn teacht le chéile arís amach anseo ar thrá eile agus ba bhreá linn chuile thrá agus na cladaí thart orthu a bheith glanta againn roimh dheireadh an tsamhraidh.

Má tá aon cheist agat is féidir ríomhphost a chur ag cladairua@gmail.com nó teachtaireacht a chur againn ar Instagram nó Facebook.