Cladaí na Ceathrún Ruaidh

Tá an grúpa Cladaí na Ceathrún Ruaidh ag eagrú ócáid chun bruscar a bhailiú ar thrá an Dóilín an tSathairn seo 09/09/23 idir 11:00 & 13:00.

Beidh málaí curtha ar fáil. Tá roinnt miotóga agus seaicéid sofheicthe againn freisin ach mholfaidh muid cuid a thabhairt libh má tá siad agaibh.Ba bhreá linn gasúir a fheiceáil ann ag tabhairt lámh chúnta ach caithfidh tuismitheoir/duine fásta a bheith in éineacht le duine ar bith faoi 18 bliain d’aois.

Bígí cinnte éadaí agus bróga feiliúnach a chaitheamh.Má tá aon cheist agat is féidir teachtaireacht a chur againn ar Instagram nó Facebook.