Cruinniú Cinn Bhliana Comharchumann Mhic Dara 2020

A Chara,

Mar gheall ar na bearta sláinte poiblí is déanaí do Covid 19 a fógraíodh an 18 Lúnasa tá gach cruinniú agus imeacht faoi dhíon, teoranta anois do sheisear as níos mó ná trí theaghlach.
Mar gheall ar seo ní bheidh muid in ann ár gcruinniú Cinn Bhliana do scairshealbhóirí Chomharchumann Mhic Dara a bheith againn a bhí le bheith ann Dé Luain an 14 Meán Fómhair.

Gabhaim leithscéal as an míchaoithiúlacht seo ach caithfidh muid prótacal an rialtais a leanúint.

Nuair atá dáta eile socraithe againn beidh muid i dteagmháil leat arís thrí ríomhphost.

Má tá ceist agat maidir le obair agus eolas faoin gComharchumann, le do thoil déan teagmháil linn ag 091869750 nó seancccr@gmail.com.

Coiste Comharchumann

Comharchumann Mhic Dara - An Cheathrú Rua