Gníomhaíocht / Activities

Siúlóidí & Rothaíochta

Is leithinis í An Cheathrú Rua agus dá bharr sin áit an-deas é le dul ag siúl. Ta cúig shiúlóid roghnaithe againn, ach tá na céadta bealaí siúlóide timpeall na Ceathrún Rua ach iad a roghnú ón léarscáil (féach thíos)
​An Cheathrú Rua is a peninsula which makes it a very nice place to walk. We have selected five walks, but there are hundreds of walks around Carraroe by selecting them from the map (see below).

Siúlóid 1

Siúlóid 1 - Gníomhaíocht - An Cheathrú Rua

Siúlóid 1
Tosaigh sa sráidbhaile agus lean ort siar go dtí crosbhóthar na Ronna; lean bóthar na Ronna agus cas ar chlé ag an dara bóithrín, go cladach. Cas soir le cladach go dtí bóthar na Tismeána, téigh suas bóthar na Tismeána agus cas soir bóthar an Diméin. Cas suas bóthar an Chillín agus téigh ó thuaidh chuig an Sráidbhaile. Caithfear a bheith cúramach ag siúl le cladach agus mura bhfuil duine in éineacht leat tabhair leat fón póca ar fhaitíos timpiste. 8.6 km

Walk 1
Start in the village and continue westwards to Rinn crossroads; follow the Rinn road and turn left at the second lane, to the shore. Turn east along the shore to the Tismeain road, head up the Tismeain road and turn east along the Demesne road. Turn up the Killeen road and head north to the mainstreet. Care must be taken when walking along a seafront and if you are not accompanied, take a mobile phone incase of an accident. 8.6 km

Siúlóid 2

Siúlóid 2 - Gníomhaíocht - An Cheathrú Rua

Siúlóid 2
Tosaigh sa sráidbhaile agus siúl suas bóthar Dhoire Fheárta agus tóg an chéad chasadh ar chlé i dtreo an Óstáin. Lean ort an bóthar seo timpeall Chuileáin anuas chuig an sráidbhaile arís. Cas ar dheis i dtreo Chaladh Thaidhg agus cas ar chlé go dtí an Bóthar Buí. Cas ar chlé soir agus siúl leat go mbeidh tú ar ais ar an sráidbhaile arís. 6.1 km

Walk 2
Start in the village and walk up the Derrartha road and take the first left turn towards the Hotel. Continue along this road around the towards the village again. Turn right towards Caladh Thaidhg and turn left to Bóthar Buí. Turn left an you will return the village again. 6.1 km

Siúlóid 3

Siúlóid 3 - Gníomhaíocht - An Cheathrú Rua

Siúlóid 3
Tosaigh sa sráidbhaile agus cas síos Bóthar an Chillín go dtiocfaidh tú chuig Bóithrín an tSagairt, an chéad chasadh ar chlé. Lean ort soir agus siúl tríd an gCaorán Mór an Gleann Mór go dtiocfaidh tú chomh fada le céibh an tSrutháin. Ansin cas siar ar an bpríomhbhóthar isteach chuig an gCeathrú Rua. Beidh tú ar ais sa sráidbhaile arís. Ní hí seo an tsiúlóid is feiliúnaí do ghasúir mar nach bhfuil aon chosán ar an bpríomhbhóthar. 5.9km.

Walk 1
Start in the village and turn down the Killeen Road until you come to the priest’s Lane, the first left. Continue eastwards and walk through Caorán Mór to Glean mór to reach Srúthan pier. Then turn back onto the main road into An Cheathrú Rua. You will be back in the village again. This is not the most suitable walk for children as there is no footpath on the main road. 5.9km.

Siúlóid 4

Siúlóid 4 - Gníomhaíocht - An Cheathrú Rua

Siúlóid 4
Siúl siar an bealach ar fad go dtí Trá an Dóilín agus lean ort ó thuaidh le Cladach go dtiocfaidh tú chuig Céibh an Dóilín, lean an bóithrín soir agus tiocfaidh tú ar ais sa tsráidbhaile. Bí cúramach le Cladach agus má bhíonn tú leat féin bíodh d’fhón póca agat. 6km

Walk 4
Walk back all the way to Trá an Dóilin and continue northwards by the Coastline until you come to Céibh an Dóilín, follow the lane eastwards and return to the village. Be careful by he coastline and if you are alone, have your mobile phone on you. 6km

Siúlóid 5

Siúlóid 5 - Gníomhaíocht - An Cheathrú Rua

Siúlóid 5
Tosaigh sa sráidbhaile Sráidbhaile agus téigh síos Bóthar an Chillín thar an scoil agus tóg an chéad chasadh ar chlé suas Bóithrín an tSagairt. Lean ort díreach agus coinnigh ar chlé i dtosach agus ansin ar dheis ag dul i dtreo Thrá an Chaoráin Mhóir agus ansin téigh ó dheas le cladach ag siúl thar thrá Bharr a’ Doire, Trá an Chaoráin Bhig agus lean ort go dtí Céibh an Phoinnte. Tar aníos ansin ar an mbóthar agus siúil ar ais chuig an Sráidbhaile. Caithfear a bheith cúramach ag siúl le cladach agus mura bhfuil duine in éineacht leat bíodh d’fhón póca leat ar fhaitíos timpiste.

Walk 5
Start in the village mainstreet and head down the Killeen Road over the school and take the first left up the Priest’s Lane.Continue straight on and keep left first and then right heading towards Caorán Mór Beach and then head south walking to Barr a Doire beach, Trá an Corán Bheag and céibh an phoinnte. Then come up on the road and walk back to the Village. Care must be taken when walking along a seafront and if you are not accompanied by someone have your mobile phone on you.

Bealaí Rothaíochta 1, 1b agus 1c

Bealaí Rothaíochta 1, 1b agus 1c - Gníomhaíocht - An Cheathrú Rua

1. An Cheathrú Rua – Leitir Mealláin agus ar ais 44km; 1a An Cheathrú Rua – Cnoc 1b An Cheathrú Rua – Tír an Fhia

Bealach Rothaíochta 2

Bealaí Rothaíochta 2 - Gníomhaíocht - An Cheathrú Rua

2. An Cheathrú Rua – Muicineach – Leitir Mucú – Doire an Fhia – an Cheathrú Rua – 27km

Bealach Rothaíochta 3

Bealaí Rothaíochta 3 - Gníomhaíocht - An Cheathrú Rua

3. An Cheathrú Rua – Doire an Fhia – Camas – Rosmuc agus ar ais 57km

Bealach Rothaíochta 4

Bealaí Rothaíochta 4 - Gníomhaíocht - An Cheathrú Rua

4. An Cheathrú Rua – Doire an Fhia – Na Doireadha – Baile na h-Abhann – Ros a Mhíl – Doire an Fhia – An Cheathrú Rua 30km

Bealach Rothaíochta 5

Bealaí Rothaíochta 5 - Gníomhaíocht - An Cheathrú Rua

5. An Cheathrú Rua – Doire an Fhia – Camas – Scríob – Crosbhóthar an Mháma ( Maam Cross) – An Mám 64km

Bealach Rothaíochta 6

Bealaí Rothaíochta 6 - Gníomhaíocht - An Cheathrú Rua

6. An Cheathrú Rua – Doire an Fhia – Na Doireadha – Gleann ‘ch Muireann – Seanach Féistin – Uachtar Ard – Cros Bhóthar an Mháma (Maam Cross) – Scríob – Doire an Fhia – An Cheathrú Rua 73km. Tá uimhir a 6 thar a bheith crua agus ní mholtar an bealach seo ach do Rothaithe fíor aclaí.