Lá Feasachta SCC

Tá Pobal Rua agus Glór na nOileán ag reáchtáil Lá Feasachta do dhaltaí na céad bliana sa Scoil Chuimsitheach Chiaráin amárach, agus muid ag súil go mór leis! Is iad seo ceannairí na todhchaí agus caithfear deis a thabhairt dóibh gníomhú ar son na Gaeilge, pé bealach a shocraíonn siad féin. Is é téama an lae ná ‘Gaeltacht SCC’ agus tá muid ag súil go mór le torthaí an lae i bhfoirm ealaíne, ceoil agus drámaíochta a fheiceáil amach anseo. Beidh tuilleadh faoi seo!