Is inniu an lá deireannach le clárú don Dé-Atlan RUA, a bheidh ag tarlú Dé Sathairn/Dé Domhnaigh beag seo. Tá 49 cláraithe anois, an bhféadfaí sin a ardú go os cionn 50?? Is féidir clárú anseo https://forms.gle/mUTnR4ehHymyXwuZ7
Nuachtlitir Pobal Rua – ar fáil sna siopaí áitiúla anois, bígí ag léamh faoi ghníomhaíochtaí agus faoi phobal na Ceathrún Rua
Tá muid ag cur tús le Comórtas Reatha na Gaeltachta arís go luath, Luan Cásca 5 Aibreán! Ar mhaith leat siúil nó rith ar son na Ceathrún Rua? Ní gá ach dul amach ar a laghad faoi dhó sa tseachtain agus íosmhéid 10k a dhéanamh. Cláraigh anois agus tacaigh le do cheantar! https://forms.gle/4tP9trLBQCrbe9v18
Tráth na gCeist Fhéile Pádraig! Buíochas le Ruadhán Ó Coisdealbha a chuir seo le chéile! Cuir na freagrai chuig pobalrua@gmail.com faoin 5:00 i.n. Dé hAoine 19 Márta. Cuirfear ainm gach duine a bheidh na freagraí ceart acu i gcrannchur i gcomhar 2 x dearbhán luach €30 le caitheamh sa mBia Blasta!
Nuacht Litir Mí Márta https://www.galwaycountyppn.ie/march-newsletter-out-now/
Ceannairí na Todhchaí! Tá Pobal Rua ag obair i gcomhpháirt le Cumann Peile na mBan na Ceathrún Rua le sraith físeáin scileanna peile a chur ar fáil do ghasúir agus do dhéagóirí an cheantair. Is í Fiona Ní Fhlatharta atá againn inniu, ag taispeáint conas tú fein a théamh suas agus bunscileanna ciceála. Maith thú […]
Bláthanna Tí Mhistéal ag Eurospar Ireland Ná déan dearmad ar ‘Mama’ an Domhnach beag seo. Bláthanna álainn ar fáil.⚘Bouquet €10, €15, €17, €20 & €25Hat Box €30Tulips €30
Tá an-sceitimíní orainn faoin gcomhpháirtíocht nua idir Pobal Rua agus Cumann Peile na mBan na Ceathrún Rua, Ceannairí na Todhchaí! Beidh tuilleadh faoi seo an tseachtain seo chugainn….