Comhghairdeas leis na Reathaithe Rua uilig a bhfuil an dara seachtain den Dúshlán 100k Thar 6 Seachtaine críochnaithe acu! Tá míleáiste aisteach déanta ag cuid acu, maith sibh go léir, tá muid uilg ag éirigh níos aclaí agus na seachtainí ag dul thart, an-tábhachtach san aimsear seo!
Faraor de bharr na srianta Covid 19, ní bheidh muid in ann theacht le chéile mar phobal mar is gnáth chun comóradh a dhéanamh ar ár gcara Thomas Nelly Mac Donnacha agus an siúlóid bhliantúil ina chuimhne a dhéanamh in éineacht mar phobal idir sean agus óg. Don bhlian seo más mian le daoine 5km […]
Tá Comharchumann Mhic Dara fíor bhuíoch don gComhairleoir Condae Daithí Ó Cualáin abhronn €500 óna liúntas phearsanta airgeadais ar mhaithe leis an obair atá á dhéanamhar gháirdín céadfach an Cheathrú Rua. Tabharfaidh sé seo cunámh mór dúinn an togra a chur i gcrích
A Chara, Mar gheall ar na bearta sláinte poiblí is déanaí do Covid 19 a fógraíodh an 18 Lúnasa tá gach cruinniú agus imeacht faoi dhíon, teoranta anois do sheisear as níos mó ná trí theaghlach.Mar gheall ar seo ní bheidh muid in ann ár gcruinniú Cinn Bhliana do scairshealbhóirí Chomharchumann Mhic Dara a bheith […]
Tá cloiste ag go leor daoine faoi ‘parkrun’, 5k rith no siúil a dhéantar i bpáirceanna thart timpeall an domhain gach maidin Shathairn. Tá tús á chur le leagan fíorúil de ar an gCeathrú Rua Dé Sathairn beag seo 8 Lúnasa. Is baill den ghrúpa Reathaithe Rua atá á reáchtáil i gcomhar leis an Oifigeach […]
Tosóidh muid pictiúir na seachtaine seo le ceann deas bunscoile a tháinig chugainn le gairid. Is cuimhin linn ar fad an geansaí peile álainn sin a bhí ag Scoil Mhic Dara sa n-ochtóidí. Bheadh comórtas ag Dawn Dairies áit a mbeadh ar scoil líon airíthe ‘tokens’ ó chartán an bhainne a bhailiú agus chuirfí seit […]