Tá na huaireanta oscailte an tsiopa ag athrú ón 29ú Lúnasa
Cispheil do mhná na Ceathrún Rua! Má’s bean tú os cionn 18 bl. agus más maith leat craic, spraoi agus spórt, bain triail as chispheil! 7:30- 8:30 i.n. gach Déardaoin, ag tosú 15 Meán Fómhair sa halla sa gCrompán. Ní gá go mbeadh aon taithí nó scil agat sa gcispheil, múinfear na scileanna duit. Agus […]
Cuir sa dialann é – tá muid ag reáchtáil Féasta Sráide 4-7:00 i.n. Dé Sathairn 27 Lúnasa ag Halla Éinne, ócáid dheas don phobal uilig, tabhair leat bia le roinnt le daoine eile! Ceol, uachtar reoite, comhluadar, craic!
Seo ócáid an-speisialta….seachtain ó amárach, Dé Sathairn 9 Iúil – ag 18:00 cuirfear píosa ealaíne ar snámh i gCuan an Fhir Mhóir,, ansin beidh siúlóid treoraithe ó Chaladh Thadhg go dtí an Dóilín, seolfar píosa eile ealaíne ag Céibh an Dóilín, ansin siúlóid treoraithe eile go Trá an Dóliín, áit a bheidh beárbaiciú ag 21:15 […]
Turas Oidhreachta á reáchtail ag na hOifigigh Pleanála Teanga i gConamara Theas, Dé Céadaoin 6 Iúil,€10 lón agus mionbhus san áireamh! Cláraigh anois ag https://forms.gle/bXkhwVmwp1H2UgxX6
NUA! Ranganna SNÁMHA i nGaeilge do DHAOINE FÁSTA ag Trá na Tismeáine ar an gCeathrú Rua, ag tosú Dé hAoine 5 Lúnasa – á reáchtáil ag Pobal Rua i gcomhpháirt le @SWIM IRELAND. Rang do thosaitheoirí, agus d’fheabhsaitheoirí – €40 ar 4 seachtaine, cláraigh anois agTosaitheoirí: https://swimireland.justgo.com/workbench/public/events…