Pobal Rua 5K

Is leor sos seachtaine! Tá an chéad dushlán eile socraithe againn daoibh – Rith 5K Shin Sheáin! Seachas míleáiste, beidh muid ag díriú ar luas. Cuirfear plean 6 seachtaine ar fáil daoibh, ag tosú Dé Luain seo chugainn 10 Bealtaine, agus má leanann sibh an plean, beidh sibh in ann Rith 5K Shin Sheáin a dhéanamh ar Fhéile Shin Sheáin, Dé Céadaoin 23 Meitheamh! Tá rogha ann idir phlean do thosaitheoirí (cineál Tolg go 5K), agus plean dóibh siúd atá in ann 5k a rith ach ar mhaith leo a bheith níos sciobtha. Bronnfar bonn álainn ar gach duine a dhéanann an Rith Shin Sheáin. Cláraigh anois ag https://forms.gle/11NYmogDv6PYWuEw6