Pórtráidí Criathraigh

Má tá spéis agat sa bportach, má tá spéis agat san ealaín, má tá spéis agat i ndamhsa ar na sean-nós, nó ar stair Ros Muc agus Chonamara, bí linn do thaispeántas an ghearrscannáin Pórtráidi Criathraigh seachtain ó inniu, 7:30 i.n.  Dé Luain 1 Márta sa Zúm! Tá an ócáid seo á reáchtáil ag CIOTÓG i gcomhar le hOifigigh Pleanála Teanga na Gaillimhe. Beidh deis ann labhairt leis na healaíontóiri théis an scannáin. (Tuilleadh eolais thíos.) Cláraigh anois saor in aisce ag https://forms.gle/Fh2B2q9QyFTEj4Xr5. Faigh blaisín den scannán anseo: https://youtu.be/z2DJdqb60fE

Tugann an scannán seo le Joe Lee agus Ríonach Ní Néillléargas ar Phórtráidí Criathraigh, saothar ealaíne a chruthaigh Seán Ó Flaithearta i bportach i Ros Muc i nGaeltacht Chonamara. Is iad muintir Ros Muc a bhí páirteach agus a roghnaigh an bheirt phearsa atá á gcomóradh sa saothar, sin iad an rinceoir ar an sean-nós, Cóilín Sheáin Dharach Seoige agus Bridget Aylward, Banríon Alaska. Rinne Ríonach Ní Néill coimisiúnú ar Phórtráidí Criathraigh mar chuid de shraith saothair ealaíne faoin spéir a dhéanann iniúchadh ar an bplé idir tírdhreach, aimsir agus cultúr na Gaeltachta, do Turas Chonamara, togra do Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa.