Seoladh Plean Gníomhaíochta 27/09/21

Beidh seoladh Plean Gníomhaíochta An Cheathrú Rua 2021 – 2026 sa gCrompán Dé Luain 27ú Meán Fómhar ag 12.00pm.

Teanga, Turasóireacht agus an Timpeallacht i gcroílár thodhchaí na Ceathrún Rua

Plean Gníomhaíochta seolta le 55 moladh thar 7 dtéama a chruthóidh 300 post nua


Seolfar an plean gníomhaíochta An Cheathrú Rua 2021-2026 inniu (27/09/21) a fhéachfaidh leis an gCeathrú Rua a neartú agus forbairtí a chur in áit a fheabhsóidh an ceantar mar áit chun maireachtáil ann, chun oibriú ann agus chun cuairt a thabhairt air.  Tá an plean uaillmhianach seo foilsithe ag Comharchumann Mhic Dara i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus is í Mary Uí Chadhain, Comhalta Boird Údarás na Gaeltachta, a dhéanfaidh an plean a sheoladh ag ócáid i gcroílár an bhaile Gaeltachta seo inniu. 

55 moladh atá sa bplean leagtha amach faoi seacht gcinn de théamaí straitéiseacha:

  • Teanga & Cultúr,
  • Turasóireacht,
  • Fiontraíocht,
  • Na hEalaíona,
  • Seirbhísí & Bonneagar,
  • Margaíocht,
  • Beartas, Córas & Spriocanna.

Beidh aidhmeanna agus gníomhaíochtaí faoi leith ag baint leis na téamaí áirithe seo ach pobal láidir, le seirbhísí den scoth áit a bhfuil an Ghaeilge ina lár an príomhsprioc atá leis an bplean gníomhaíochta seo. Le forbairt, tagann fostaíocht, agus léiríonn staidéar ar an gcumas cruthú post sa bplean seo go bhfuil an deis ann níos mó ná 300 post nua inbhuanaithe a chruthú, má fhorbraítear an plean go rathúil ina iomláine.

Príomhspriocanna an Phlean

Teanga & Cultúr

  • Ionad Domhanda na Gaeilge a lonnú ar an gCeathrú Rua,
  • An Cheathrú Rua a bheith ainmnithe go hoifigiúil mar
    • Bhaile Seirbhíse Gaeltachta
    • phríomhshráidbhaile i nGaeltacht Chonamara,
  • Lárionad do sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge & aistriúcháin a bhunú ar an gCeathrú Rua.

Turasóireacht

  • Tógáil ar acmhainn suntasach turasóireachta Thrá an Dóilín,
  • Bealaí siúlóide agus rothaíochta a fhorbairt le bealaí glasa agus gorma ina measc,
  • Eispéiris turasóireachta chultúrtha a mheallfadh 100,000 cuairteoir a fhorbairt.

Fiontraíocht

  • Pobal fiontraithe a chruthú agus a chothú ar an gCeathrú Rua,
  • Céim a 2 den tionscnamh painéil ghréine fótavoltach pobail a fhorbairt sa gceantar,
  • Plean straitéiseach a fhorbairt do pháirceanna gnó na Ceathrún Rua agus Chasla.

Na hEalaíona

  • Lárionad Ealaín na Gaeilge a chuimsiú in Ionad Domhanda na Gaeilge.

Seirbhísí & Bonneagar

  • Ionad spóirt cheart le linn snámha a fhorbairt ar an gCeathrú Rua,
  • An leithinis iomlán a fhorbairt mar lárionad do chaitheamh aimsire faoin aer le lúba siúlóide, reatha agus rothaíochta, chomh maith le brat gorm ar gach trá.

Margaíocht

  • Feachtas náisiúnta a fheidhmiú ag mealladh daoine chuig an gCeathrú Rua.

Comharchumann Mhic Dara, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus Hosty Consulting a chur an plean forbartha straitéiseach seo don Cheathrú Rua i dtoll a chéile.  Bhí 58 rannpháirtí páirteach sa bpróiseas chomh maith idir lucht gnó, daoine áitiúla, eagraíochtaí áitiúil agus Stáit. 

Ag tagairt don Phlean Gníomhaíochta dúirt Seán Ó Domhnaill, Bainisteoir Chomharchumann Mhic Dara:

“Tá céim thábhachtach á tógáil inniu i dtodhchaí na Ceathrún Rua. Ní féidir aon dul chun cinn a dhéanamh gan plean agus tá plean straitéiseach curtha le chéile ón mbun aníos le tacaíocht an phobail agus a léiríonn fís uaillmhianach don Cheathrú Rua mar phobal láidir Gaeltachta do na glúnta atá le theacht inár ndiaidh.

Glacaimid buíochas le hÚdarás na Gaeltachta as ucht a dtacaíocht i réiteach an phlean agus táimid ag súil lena chur i bhfeidhm i gcomhar leo sna blianta seo romhainn.”

Ag dearbhú tacaíochta Údarás na Gaeltachta maidir leis an bplean dúirt an Príomhfheidhmeannach, Mícheál Ó hÉanaigh:

“Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh Phlean Gníomhaíochta na Ceathrún Rua agus dearbhaíonn muid go mbeifear ag comhoibriú go dlúth le Comharchumann Mhic Dara agus le pobal an cheantair lena fheidhmiú. Chuige sin, tacaíonn muid leis an gcur chuige comhoibríoch agus tras-rannach atá leagtha síos sa bPlean a chuirfidh dlús arís faoi chúrsaí teanga, cultúir, fiontraíochta agus pobail sa gceantar. Is lárionad tábhachtach daonra atá sa gCeathrú Rua ó chúrsaí teanga agus cúrsaí fiontraíochta agus tá deiseanna nach beag le tapú ag an mbaile sna blianta atá amach romhainn. Tacóidh an bunchloch láidir atá sa gceantar agus feidhmiú an phlean uaillmhianach seo go mór leis an gceantar an fhís atá léirithe acu a bhaint amach.”

Language, Tourism and Sustainability to revitalise An Cheathrú Rua

Action Plan launched with 55 recommendations over 7 themes that will create 300 jobs


The An Cheathrú Rua 2021-2026 Action Plan will be published today (27/09/21) which looks to revitalise An Cheathrú Rua and advance the area as a place to live, work and visit.   This ambitious plan has been published by Comharchumann Mhic Dara in association with Údarás na Gaeltachta and will be officially launched by Údarás na Gaeltachta Board Member Mary Uí Chadhain, at an event in the heart of the Gaeltacht village today.  

The plan sets out 55 recommendations under 7 various strategic themes:

  • Language & Culture,
  • Tourism,
  • Enterprise,
  • The Arts,
  • Services & Infrastructure,
  • Marketing,
  • Policy, Process & Targets.

These themes have various aims and actions, but the principal aim of this action plan is to create a strong community, with excellent services with the Irish language at its core.   Job creation comes from development, and a study in the plan in relation to the ability to create jobs indicates that more than 300 new sustainable jobs will be created if this plan is developed successfully to completion.

The Plan’s Main Objectives

Language & Culture

  • To establish a World Centre for Irish in An Cheathrú Rua,
  • To have An Cheathrú Rua officially named as
    • A Gaeltacht Service Town,
    • The main Gaeltacht village in Conamara,
  • Establish a centre for translation and State services through Irish in An Cheathrú Rua.

Tourism

  • Build on the significant tourism resource that is Trá an Dóilín,
  • See the development of walkway and cycle ways along with green and blue ways,
  • Develop cultural tourist experiences which will attract 100,000 visitors.

Enterprise

  • Create and cultivate a community of entrepreneurs in An Cheathrú Rua,
  • Develop the second stage of the community photovoltaic solar panel project in the area,
  • Compile a strategic plan for the development of the business parks in An Cheathrú Rua and Casla.

The Arts

·       Include a Centre for Irish Language Art in the World Centre for Irish.

Services & Infrastructure

  • Develop a proper sports centre with a pool in An Cheathrú Rua,
  • Seek to develop the entire peninsula as an outdoor recreational centre with walking, running and cycling loops, with a blue flag on all beaches in the area.

Marketing

  • Establish a national campaign to attract people to An Cheathrú Rua.

This strategic development plan was compiled for An Cheathrú Rua by Comharchumann Mhic Dara, with the support of Údarás na Gaeltachta and Hosty Consulting.  The process included 58 participants which included local businesspeople, members of the local community and various local and State organisations. 

When referring to the Action Plan Seán Ó Domhnaill the Manager of Comharchumann Mhic Dara said:

“An important step in the future of An Cheathrú Rua has been taken today.  Progress can’t be achieved without a plan, and we have compiled a strategic plan with the community’s support which depicts an ambitious vision for An Cheathrú Rua as a vibrant Gaeltacht community for the next generation.

We thank Údarás na Gaeltachta for its support in preparing this plan and we look forward to implementing the plan alongside the organisation in the coming years.”

Confirming Údarás na Gaeltachta’s support in relation to the plan Chief Executive Officer, Mícheál Ó hÉanaigh said:

“Údarás na Gaeltachta welcomes the Action Plan for An Cheathrú Rua and we will cooperate closely with Comharchumann Mhic Dara and the community in the area regarding its implementation.  In addition, we support the collaborative and cross-departmental approach set out in the Plan which will intensify language, cultural, enterprise and community affairs in the area.  An Cheathrú Rua is an important area in terms of language and enterprise with many opportunities to be seized in the village over the coming years.  The strong foundation laid in the area and the implementation of this ambitious plan will assist the area in bringing this vision to life.”