Snámh Lá Nollag CLG An Cheathrú Rua

Beidh CLG An Cheathrú Rua ag déanamh an snámh maidin Lá Nollag ar son charthanacht áitiúil arís i mbliana. Is ar son an charthanacht Cumann Naomh Uinseann de Pól a bheidhs muid ag bailiú i mbliana, eagraíocht a dhéanann sár-obair sa cheantar. Is ar thrá an Dóilín a bheidhs muid arís i mbliana théis an Aifrinn, maidin Lá Nollag. Tá an snámh seo ar siúl ó lár na 1990aí agus na mílte bailithe ar son charthanachtaí difriúla a oibríonn chomh crua anseo go háitiúil agus muid an-bhródúil a bheith in ann cúnamh éigin a thabhairt dóibh. Bheadh muid fíor bhuíoch as ucht aon síntiús ar an leathanach idonate seo. Caithfear an t-airgead ar fad a bhailítear sa gCeantar.

www.idonate.ie/fundraiser/snamh