TOMHAS

Bhí ócáid álainn againn inné sa leabharlann nuair a sheol Danny De Bhailís taispeántas ealaíne, TOMHAS AGAM ORT, le saothar ealaíne atá cruthaithe ag gasúir Rang 3&4 as Scoil an Tuairín, bunaithe ar thomhas, faoi stiúr an ealaíontóra Nuala Ní Fhlathúin. COMÓRTAS: Céard é an tomhas, agus céard é freagra an tomhais? Nod – breathnú ar na grianghraif thíos. DUAIS: Dearbhán luach €50. Fógrófar an buaiteoir Dé Luain 20 Meitheamh. ?