Tá an tEarrach tagtha agus tá lusanna an chromchinn le feiceáil sna garrantaí. Má tá spéis agat i gcúrsaí garraíodóireachta, tar chuig an an gcéad seisiúin den tsraith ‘An Ghaeltacht faoi Bhláth’ 7:30 i.n. Dé Máirt seo chugainn sa Zúm, áit a bheidh Dónall Ó Cnáimhsí ag caint faoin nGáirdín san Earrach! Cláraigh anois ag […]
Author Archives: Comharchumann Mhic Dara
MEABHRÚCHÁN: Beifear ag cur tús leis an bplean traenála don Dé-Atlan Dé Luain beag seo, má cheapann tú gur mhaith leat triail a bhaint as, cláraigh anois agus cuirfidh mé cóip den phlean chugat! Agus má tá éinne gur mhaith leo tosú ag jogáil, tá plean 6 seachtaine Tolg go 5K leis seo! https://forms.gle/uWERbUtdyyfuW8av5
7:30 i.n. Déardaoin 25 Feabhra, beidh an Caifé Cultúir ar oscailt arís sa Zúm, áit ar féidir casadh le Ríonach Ní Néill, ealaíontóir, coimeadaí agus léiritheoir! Labhróidh sí faoi céard a mheall i dtreo na n-ealaíon í agus faoi chuid de na tograí atá á stiúradh aici faoi láthair. Tabhair leat do chupán tae, nó […]
Comhghairdeas leis na Reathaithe Rua uilig a bhfuil an dara seachtain den Dúshlán 100k Thar 6 Seachtaine críochnaithe acu! Tá míleáiste aisteach déanta ag cuid acu, maith sibh go léir, tá muid uilg ag éirigh níos aclaí agus na seachtainí ag dul thart, an-tábhachtach san aimsear seo!
Faraor de bharr na srianta Covid 19, ní bheidh muid in ann theacht le chéile mar phobal mar is gnáth chun comóradh a dhéanamh ar ár gcara Thomas Nelly Mac Donnacha agus an siúlóid bhliantúil ina chuimhne a dhéanamh in éineacht mar phobal idir sean agus óg. Don bhlian seo más mian le daoine 5km […]
Tá Comharchumann Mhic Dara fíor bhuíoch don gComhairleoir Condae Daithí Ó Cualáin abhronn €500 óna liúntas phearsanta airgeadais ar mhaithe leis an obair atá á dhéanamhar gháirdín céadfach an Cheathrú Rua. Tabharfaidh sé seo cunámh mór dúinn an togra a chur i gcrích