Tá an t-éilimh ar fhuil sna hospidéil an-ard ach an soláthair an-íseal. Teastaíonn deontóirí fola go práinneach. Beidh clinic ar siúl sa gCrompán, Comharchumann Mhic Dara ar an Domhnach an 15ú Bealtaine ón 12-3.30. Cuir glaoch ar 1800222111 chun coinne a shocrú. Míle Buíochas IBTS
Category Archives: Nuacht / News
Nuacht / News
Ba mhaith le CLG An Cheathrú Rua fáilte mhór a chuir roimh muintir na hÚcráine atá tagtha isteach sa bpobal le déanaí. Comhartha beag chun fáilte a chur rompu nuair a thug Coiste Peil na nÓg seachadadh uibheacha Cásca chucu i rith na seachtaine. Beidh an cumann ag eagrú seisiun traenála agus cur i láthair […]
Tá Comórtas Reatha na Gaeltachta ag tosú Dé Céadaoin beag seo, an bhfuil tú sásta siúl nó rith ar son na Ceathrún Rua? Más ea, cláraigh anseo https://forms.gle/hkEupW9rdEr9MbkQ6!
Tá Nuachtlitir Pobal Rua amuigh anois, cóipeanna crua le fáil san siopaí, agus leagan leictreonach anseo, bainigí sásamh as!
Táimid ag súil Pioc Suas a eagrú ar an Satharn 2 Aibreán.Beidh málaí agus high vis ar fáil i Halla Éinne ó 10.Is féidir málaí a fhágáil i gcomhdhúile na comhairle nuair a bhíonn siad líonta. Bheadh sé ar intinn againn taobh istigh dén teorainn luas a dhéanamh, ach más fearr leat do cheantar fhéin […]
Ag ocáid bronnadh dhuaiseanna náisiúnta Ghlór na nGael ar an 26 Márta in Óstán na Cúirta, Gaoth Dobhair, Dún na nGall bhain Comharchumann Mhic Dara amach an Príomhdhuais. Buíochas don choiste agus foireann iontach atá againn agus buíochas do fhoireann Ghlór na nGael as an obair iontach a bhíonn ar suíl acu. Príomhdhuais €15,000 + […]
Oíche Chuimhneacháin Mhaitiú Ó Domhnaill. Beidh muid ag bailiú airgid le haghaidh scórchlár a fháil in ainm Mhaitiú ar Pháirc Uí Chathánaigh.Ceol le Seán Keane ar an oíche.Beidh na ticéid ar fáil Tigh Liam 091595874