Cúrsaí Ceannaireachta Spoirt & Uisce

An bhfuil duine óg sa mbaile (15-17 bliain d’aois) a bhfuil Gaeilge mhaith acu, spéis acu i gcúrsaí ceannaireachta agus spóirt, agus ar mhian leo tréimhse a chaitheamh i gColáiste Uisce i Maigh Eo ar chúrsa ceannaireachta idir 9-15 Aibreán? Tá Pobal Rua ag tairiscint dhá scolaireacht luach €275 an duine do bheirt ón gCeathrú Rua, le táille an chúrsa a chlúdach. *** Ní gá don duine óg ach físeán uasmhéid 1 nóiméad a chur chuig pobalrua@gmail.com ag insint dúinn cén fáth gur mhaith leo a bheith mar cheannaire i gColáiste Uisce agus cén chaoi a chuirfidh siad an Ghaeilge chun cinn . Spriocdáta: 25 Feabhra 2022